Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

New initiative registered
  • 13/05/2024
Tionscnamh nua cláraithe: ‘An Pláinéad a shábháil trí chánachas a aistriú ó shaothar go hastaíochtaí gás ceaptha teasa’

An 13 Bealtaine chláraigh an Coimisiún Eorpach tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) dar teideal ‘An Pláinéad a shábháil trí chánachas a aistriú ó shaothar go hastaíochtaí gás ceaptha teasa’. Leis an tionscnamh sin, iarrtar ar an gCoimisiún an Pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus córas praghsála carbóin an Aontais a neartú agus cuid shuntasach d’ioncam praghsála carbóin a athdháileadh ar theaghlaigh ar ioncam íseal, Ciste Aeráide Sóisialta an Aontais a neartú agus bunú ‘Club Aeráide’ a chur chun cinn do thíortha ar mian leo praghsáil carbóin níos láidre a ghlacadh.

Is é seo an cúigiú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

New initiative registered
  • 10/04/2024
Cláraíodh tionscnamh nua lena n-iarrtar tacaíocht airgeadais ar an Aontas Eorpach maidir le ginmhilleadh sábháilte inrochtana

An 10 Aibreán chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’. Iarrtar leis an tionscnamh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na mBallstát le haghaidh tacaíocht airgeadais chun foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.

Is é seo an ceathrú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

Photo of the three winning teams
  • 22/03/2024
Duaiseanna bronnta ag an gCoimisiún ar bhuaiteoirí an chomórtais físeáin ‘ImagineEU’

An 21 Márta 2024, tugadh aitheantas do bhuaiteoirí chomórtas ‘ImagineEU’ do dhaltaí meánscoile ag searmanas bronnta i gceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil. Glacann na trí fhoireann bhuaiteacha ón bhFrainc, ón Iodáil agus ón Rómáin páirt i gcuairt staidéir trí lá ar na hinstitiúidí Eorpacha. Cuireann comórtas físeán ImagineEU le coincheap an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus is é is aidhm dó saoránaigh óga a chumhachtú chun ról gníomhach a ghlacadh maidir le tionchar a imirt ar bheartais an Aontais. Leis an gcomórtas, iarradh ar mhic léinn idir 16–18 mbliana d’aois ó gach cearn den Aontas físeáin ghearra a chruthú agus a chomhroinnt ina gcuirfear i láthair a smaointe maidir le hathruithe ar an leibhéal Eorpach a d’fhéadfadh feabhas a chur ar cháilíocht saoil ina bpobail. Féach ar na físeáin bhuaiteacha.

Logo of Stop Finning EU
  • 12/03/2024
Obair leantach ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’  

An 21 Feabhra agus an 12 Márta, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí. Tá sé d’aidhm acu tuairimí agus saineolas a fháil maidir le hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhainfeadh le toirmeasc féideartha ar dhíolacháin eití scaoilte siorcanna san Aontas agus ar a dtrádáil idirnáisiúnta, sin agus aiseolas a bhailiú maidir le roghanna beartais féideartha chun cosaint níos fearr a thabhairt do shiorcanna agus éiceachórais mhuirí bhainteacha. 

Is é an aidhm atá ann an bealach is eolaí, is rannpháirtí agus is trédhearcaí a chinntiú maidir le cinneadh a dhéanamh faoin obair leantach a dhéanfar i dtaca leis an tionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh ó 2023 dar teideal ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’. 

 

Judicial updates-court cases
  • 22/02/2024
Breithiúnas críochnaitheach na Cúirte ar an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis an TES ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ (C-54/22 P)

An 22 Feabhra 2024, thug an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas uaithi i gcás C-54/22 P, an Rómáin v an Coimisiún. Seastar leis an gcinneadh ón gCoimisiún in 2019 an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ a chlárú go páirteach, tar éis achomharc na Rómáine a dhíbhe.    

 

Imagine EU video competition - 2 students, Commission building, info on the prize
  • 21/02/2024
Torthaí chomórtas físeán ImagineEU do scoileanna

Le comórtas físeán ImagineEU a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2023, iarradh ar Eorpaigh óga machnamh a dhéanamh ar smaointe nithiúla a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do na saoránaigh ar fud an Aontais – cosúil leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.    

 Roghnaigh an giúiré na trí fhíseán is fearr a chuir foirne scoile ón bhFrainc, ón Iodáil agus ón Rómáin isteach. Turas staidéir chun na Bruiséile i mí an Mhárta a bhronntar ar na foirne.  

 

Fur Free Europe ECI logo
  • 09/02/2024
Cruinniú leantach idir ionadaithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ agus an Coimisiún Eorpach

An 9 Feabhra chuir Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht Bia fáilte roimh ionadaithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’.

Le linn an chruinnithe, chuir an Coimisinéir freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh seo i láthair, a glacadh an 7 Nollaig 2023, agus d’fhreagair sí ceisteanna na n-eagraithe. 

 

New initiative registered
  • 06/02/2024
‘European Cannabis Initiative’ cláraithe i bpáirt ag an gCoimisiún

An 6 Feabhra chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘European Cannabis Initiative’.

Iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: comhthionól saoránach tras-Eorpach a ghairm maidir le beartais cannabais, agus smachtbhannaí agus comhsheasmhacht bheartais na mBallstát san áireamh; (ii) rochtain ar channabas míochaine a chothú agus cead a thabhairt cannabas agus a dhíorthaigh atá forordaithe chun críoch teiripeach a iompar chun a chinntiú go mbainfear leas iomlán as an gceart chun sláinte agus (iii) na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun taighde a dhéanamh ar channabas maidir lena úsáidí teiripeacha. 

Is é conclúid an Choimisiúin nach féidir an tionscnamh a chlárú ach amháin maidir leis an dara agus an tríú cuspóir, toisc nach gcomhlíonann ach na cuspóirí sin na ceanglais maidir le clárú. Bhí ar an gCoimisiún diúltú do chéad chuspóir an tionscnaimh a chlárú toisc nach dtagann sé faoi chumhachtaí an Choimisiúin togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí den Aontas.

Lean an clárú páirteach nós imeachta dhá chéim inar iarradh ar na heagraithe, mar chéim thosaigh, a dtionscnamh tosaigh a leasú, agus an chéad mheasúnú ón gCoimisiún á chur san áireamh. 

Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

IT developments
  • 31/01/2024
Is féidir tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a shíniú le céannacht dhigiteach in 18 dtír

Is féidir le saoránaigh na Polainne eID (Profil Zaufany/mObywatel) chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh sa Lárchóras bailithe ar líne. Is í an Pholainn an 18ú tír san Aontas a bhfuil úsáid chóras náisiúnta eID á chur i bhfeidhm aici chun tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a shíniú. Féach leat an stádas le haghaidh gach tír den Aontas. 

New initiative registered
  • 24/01/2024
Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

Chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú an 24 Eanáir.

Leis an tionscnamh ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’, iarrtar go gcuirfear cosc ar idirghabhálacha atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne saoránach LGBTIQ+ a athrú, a chur faoi chois nó a bhrúigh faoi chois.

Leis an tionscnamh ‘Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun an Talmhaíocht agus Geilleagar na Tuaithe a Chosaint san Eoraip’, iarrtar go ndéanfar talmhaíocht agus geilleagar tuaithe na hEorpa a chosaint trí chreat rialála atá bunaithe ar roinnt gnéithe lena n-áirítear úsáid tosaíochta talún talmhaíochta le haghaidh táirgeadh bia, biafhlaitheas a ráthú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna biashlabhra agus ar phraghsanna arda. 

Tá sé mhí anois ag na heagraithe an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?